School: Leithinis (roll number 5120)

Location:
Lehinch Demesne, Co. Mayo
Teacher:
Aonghus Mac Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithinis
  2. XML Page 138
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tháinig an fear a cheannuigh an laogh i dtosach agus nuair a chonnaic an bhean é do chaith sí fód móna leis agus dubhairt an fear go gcuirfeadh sé an dlighe ortha.
    Bhí lá na cuirte ag teact annsin agus chuaidh an bhean go dtí fear clisde a bhí san áit agus do thug sé comhairle dhí. Seo é an cómhairle a thiubhras mé duit do lá na cúirte", "Bhíodh éadach gioblac ort agus bhíod píosa aráin i do phóca agat agus nuair a fhiafróchas an breitheamh díot cá bhfuil an laogh cuir píosa aráin i do bhéal agus abair Bo! Vo! Vo!.
    Tháinig lá na cúirte cuaidh an bhean isteach i dteach na cuirte agus bhí sí cosamail le bean a bhéadh ar buile agus nuair a déarfad an breitheamh aon focal léithe do chuirfeadh sí píosa aráin in a bhéal agus déarfadh sí. "Bó! vo!vo!, agus nuair a chuala an breitheamh í dubhairt sé "Tóg anuas í " agus tháinig an bean síos agus chuaidh sí amach agus bhí an fear a thug an cómhairle dí ag fanacht agus dubhairt sé léithi "Tabhair dom mo chuid airgid" agus do chuir sí píosa aráin in a béal agus dubhairt sí an rud céadhna, agus dubhairt an fear clisde shíl mise go raibh mé clisde acht níl mé leat comh cliste leat-sa.
    Bhí mise ar an sliabh lá agus fuair mé nead nach bfaca aon duine ariamh agus bhí ubh ins an nead agus bhí éan ins an ubh agus bhí iarbhall ar an éan comh fada le mo mhéar agus nach deas an sgéal é sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Clooneen, Co. Mayo
    Informant
    Mártan Mac Aodha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    77
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Clooneen, Co. Mayo