School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 122
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhíodh an t-ól le fáil go furasta agus go flúirseach, agus mar is eol do dhaoine aosta, bhí sé saor freisin ‘sna laetha maithe a bhí’. Is follas uaidh sin go bhfaigheadh aon duine a mbeadh dúil aige san ól a sháith, agus uaireanta an iomarca, ar aonach Bhéal Átha na gCoistealach, agus ní thagadh as an meisciúlacht ach troid agus clampar.
    Bhí sé de nós ag gach fear an t-am sin bata draighin a thabhairt leis ag dul amach ar an aonach dó. Is féidir a rá go mbíodh an bata sin aige uair ar bith a théadh sé amach i measc an phobail. Agus mar a deir an seanfhocal, ‘Nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh.’ Ansin nuair a bhíodh na fir ag filleadh abhaile, nó ar tí fillte, agus a bhformhór bogólta, thosaítí ar an maíomh agus ar an mbladar – fear amháin ag insint don saol na ngníomhartha gaile is gaisce a rinne sé féin agus ag fógairt nach raibh a shárú le fáil sna seacht bparáistí. Bhíodh fear eile sa slua agus é sáite go daingean ina intinn aige gurbh é sárlaoch an cheantair, agus ní ligfeadh sé an maíomh is an mhóráil leis an mbladhmanach eile. D’éiríodh na focla eatarthu agus focla feargacha leis, agus as na focla tháinig na bataí draighin agus na buillí. Bhí sé ina chaor dearg ansin, agus tar éis tamaillín in ionad comhrac na beirte, bhíodh cogadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish