School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Cheapadh na seandaoine gurbh fhéidir le duine im na bó a ‘bhreith’ leis. D’a mb’áil le duine an t-im a ‘bhreith’ ó bhainne na comharsan, rachadh sé taobh amuigh de chúldoras na comharsan nuair a bheadh an chomharsa ag maistreadh agus scuabfadh sé leis trí shop tuí ón díon os cionn an chúldorais. Dhéanfaí seo i ngan fhios don té a bheadh ag maistreadh, agus sa tslí sin ghoidfí an t-im ón mbainne agus ní thiocfadh im ar an gcuinneog cuma cén fhaid a bheadh sé ag maistreadh.2. Ní ceart splanc tine a thabhairt amach as an teach nuair a bhíonn maistreadh ar siúl.3. Má thagann duine isteach sa teach nuair a bhítear ag déanamh cuiginne is ceart dó cúpla buille a bhualadh leis an loine ar eagla an t-im a ghoid.4. Is ceart gráinne salainn a chur ar chlár na cuinneoige sula dtosaítear ag maistreadh chun an drochspioraid a choinneáil amach.5. Má thugtar bainne don chomharsain gan a cheannacht is ceart trí bhraon uisce a chur ann leis an im a choinneáil ar bhainne na bó.(continues on next page)