School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé annsin, mar nior mhaith leis go dtárlóchadh dada de na saighid agus iad ar iasacht aige, agus bhfios aige go raibh siad an phráidhneach ionta.
Mar sin níor mhaith leis iad fhágail ar ais aca nuair nac raibh na cúig cinn ann. Faoi dheireadh d'athruigh sé a chomhairle, agus chuaidh sé go teach na comhursan agus d'innis dóibh go raibh ceann de na saigid caillte; acht níor leig sé air go raibh sé dóighte.
Beirt bhan a bhí in a gcomhnaidhe sa teach; agus timceall míosa in a dhiaidh sin bhí scata ag cuairtidheacht sa teach, agus cé bí seanachas a bhí aca táirrnigheadh síos faoi "bualadh saighead" "Nách aisteach an bhrionglóid a bhí agam aréir" ar sa ceann de na mnaibh. "Céard é fhéin" ar san mnaoi eile. "B'fheacas dom go bhfuair mé an saighead a bhí caillte thiar ag an gcloich ghuirm taobh thiar den teach"
Lá ar na bhárach chuaidh an bhean eile go dtí an chloch gorm, agus ceurd a fuair sí ann acht an saighead