School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 235a
- XML “Saibhreas Inbhir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín ann fadó agus tá sé ráite go raibh an mhéid sin óir aici nach raibh fios aici céard a dhéanfadh sí leis. Ar chuma ar bith cheannaigh sí long agus chuir sí a cuid airgid ar bord agus bhíodh sí ag bádóireacht thart ar na farraigí ? Éire agus an mór-tír.
Uair amháin tháinig sí go hinbhear agus ar feadh seachtaine bhí sí ag dul thart ? na cóstaí. Lá amháin nuair a bhí sí ag bádóireacht thart d'ordaigh sí do na mairnéalaigh an t-ór a chur isteach amach san bhfarraige. Rinneadar amhlaidh agus nuair a bhí sé déanta acu léim sí amach ina dhiaidh.
Tháinig faitíos ar na mairnéalaigh nuair a chonnaiceadar sin agus tháinig siad i dtír chomh tapaidh is ar b'fhéidir leo. Annsin cuireadh fios ar dubhsnámhuidhe nó 'divers' a bhí i mBaile Átha Cliath, agus tháinig beirt acu. Chuaidh ceann acu síos faoin uisce san áit a ndeachaidh an cailín a's an t-ór síos.
Taréis nóiméad thainig sé aníos agus séard dubhairt sé 'tá cúigear boscaí d'ór shíos annsin acht tá eascan mór mar gharda(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mayo
- Informant
- Éamonn Ó Muinghille
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo