Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 427
- XML “Clocha Cruacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le clocha cruacha a ímirt caithfidh tú cúig méaróg ar aon tuirt[?] a fháighail. Sé "cúl lámh" an chéád rud a imrigheann tú agus leis sin a ímirt caithfidh tú na clocha a thíontú ar do láimh agus an méid a thuicears[?] a cheapadh. Sé "sgapadh" an chéad rud eile agus caithfidh tú ceann amháin a thógail agus na ceithre cinn eile a cheapadh leis. "Cúpla beaga" caithfhidh tú na clocha a sgapadh ceann amháin a thógail dhá cheann a thóghail le chéile agus ceann gach úair don dá cheann eile. "Cúpla Móra" tóigeann tú ceann amháin agus ceapann tú dhá cheann le chéile don dá úair eile."Clár cuinneóg" dún dó láimh nuair a bhéas ceithre cinn cuirthí isteach ann agat agus fág ceann ar a mbárr caith súas an ceann atá ar bhárr agus ceap na cinn eile. "Smeach" sgap na clocha agus tóig cloch amháin agus déan torn leis na ceithre cinn eile. "Róibín" déan líne do cheithre cloch agus ceap le ceann amháin iad gan aon torn a dhéanamh. Sin cluiche amháin críochnuighne.
- Bailitheoir
- Sighle Ní Chearbhalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Sighle Bean Uí Chearbhalláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo