School: Béal an Mhuirthid (C.) (roll number 14857)
- Location:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus mo léan, fuair sé sin uaithe agus fáilte. Ar maidin nuair a bhí sé ag imteacht d'fiafruigh sí dhe cá raibh a thriall, agus dubhairt seisean go raibh sé ag imtheacht ar thóir aimsire. "Tá sé chomh maith agat fanacht agam-sa" ar sise "mar níl aoinne ins an teach seo acht mé féin agus pósfaimíd." "Is cuma liom" ar seisean. "Tá mé sásta." D'fhan sé léithe agus phós siad. Maith go leor annsin nuair a bhí siad tamall maith pósta rugadh mac dóíbh agus bí siad chomh bocht sin agus nach raibh oiread airgid aca agus a n-íoc ar baisteadh an pháiste.Dubhairt daoine leis an athair an páiste a thabhairt go teach an phobail agus go mbaistfeadh an sagart é in aisge dó agus dubhairt(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Bean Uí Náraidhe
- Gender
- Female