School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 137
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deirtear nuair a bhíonns duine nó beitheadhach tinn san teach nach ceart sméaróíd a tabhairt amach san oidhche.
Deirtear nuair a gcuirfeaá bainne amach as an teach gur ceart braon beag uisge a chaitheamh air, mar deirtear nach mbíónn aon mhaitheas ins an mbainne nuair a théigheann sé amach as an teach. Tugann na Daoine maithe leóbh an bainne nuair nach mbeadh ao uisce ann.
Nuair a bhíónns duine marbh i dteach deirtear nach ceart bainne fháail istig, mar go dtagann mí-ádh ar an méid bainne a thagann isteach san teach go ceann bliadhna.
Nuair a bhíonns bó nó gamhain tinn. Déantar leigheas de. Téigheann duine go dtí duine éicint i gcoir trí leith-phighneacha agus cuirtear ar thóín channa é agus cuirtear uisce fuar air agus tugtar do'n bhó le n-ól é trí h-uaire tar-éis a chéíle agus tugtar fá deara biseach agus teacht ar an mbó.
Deirtear dá mbeadh fear ag dul ag iasgaireacht agus bean-ruadh, girrfiadh, nó préachán a chasadh air nach mbeadh an t-ádh air. Dá mbeadh fear ag feadghail san gcurrach ní bhfuigheadh siad aon iasc an oidhche sin.(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Mhaoineachain
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Beag, Co. Mayo
- Informant
- Antaoine Ó Maoineacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- Leitir Beag, Co. Mayo