School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 26

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 26
  3. XML “An Sagart agus an Buachaill Tuaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    piginn agus an coileach, ach racaimíd isteach sa teach eile seo is goire dúinn." "Tá go maith," ars an sagart. Chuaidh siad isteach ann agus chaith siad an oidhche ann. B'fíor an sgéal. Maidin lá ar na mhárach nuair a d'éirigh siad ní raibh le fághail ach an piginn agus an coileach. D'imthigh cun bealaigh leis an ngasúr agus an sagart nuair a bhíodar réidh bhí píosa maith den bhóthar curtha díobh annsoin agus thosnuigh siad ag cómhrádh le n a chéile annsoin, agus dubhairt an gasúr leis an t-sagart muna mbeadh sé ag faire ar a deirbsiúr go mbeadh sé tugtha le buachaill na muc. Bhí siad ag imtheacht annsoin nó go dtainic siad go dtí tom aitinn a bhí ag fás ar thaobh an bhóthair. Bhí cuid den aitinn sgartha agus caitte agus an cuid eile glas. "Tuige", ars an sagart, "bhfuil an aitinn mar sin?" "Tá sé caitte in a luighe mar sin," dubhairt an buachaill, "Mar gheall ar go raibh inghean duine uasail ag teacht abhaile lá in éis coimineach a glacadh agus sin é an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Maolfhabhaill
    Gender
    Male
    Age
    56
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mullach Rua, Co. Mayo