School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 54

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 54

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 54
  3. XML “Dán an Bháis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus iomdha bealach cruaidh, bocht a raibh mé agus tú in-éagró
    Tabhair indiu mo mhuinntir fhéin dom,
    Agus lucht mo duthrachta ar sgiorrsa an laé so"
    "Is tú máighistreas an Chineadh daonndha.
    Agus bean impidheach Ifrinn indiu dar léir sin,
    Breathnuigh thart ar na Cineadh daondha
    Agus gheobhfaidh tú sgriobhtha i gclár a n-éadan
    Gach duine dar n-éalodh ar an gceart a dhéanamh
    Cúinneóchaidh[?] na Flaitheas agus coisgfridh na séideadh
    Buaidhreóchaidh an domhan seo agus duibheóchaidh an saoghal seo
    Na h-aingle bheannuighthe ag critheadh i gcreacha,
    Le méad na feirge a bhéas le na cineadh daondha.
    Annsoin a dtiocfas an Gustal Glórmhar
    Béidh Rí gheal na righthe de bhreitheamh leófa
    Cainnt mhic Dé go ndéanamuid uilig a choimhlíon
    Agus go sgaraidh an tlugad leis an gcruithneacht glórmhar.
    Beannacht dé le h-anam na marbh.
    [Fuaras é seo ó Bhean Uí Mhurchadha, Rath Morgain, Beannchor Iorrais. A h-aois = 73 bl. Gairm-beatha - Feilmeoireacht.
    Tógadh í i gCnoc Sean Bó, ar an Muirthid, Chaith sí a saoghal in éis pósadh dí i Rath Morgain, Beanncor Iorruis
    Fuair sí na paidreacha agus dánta uilig a thug sí dom ón a máthair, Caitlín Bairead a bhí in a cómhnaidh i gCnoc Sean Bó. Thug sí di iad le linn a h-óige.]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Mhurchadha
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ráth Muireagáin, Co. Mayo