School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Location:
- Westport, Co. Mayo
- Teacher: An Br. C. J. Ó Haoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Píosa cainnte a bhaineas le Tobar Chuilm Cille...”
Micheál Ó Flaithbhearta - meadhan-aosta
Píosa cainnte a bhaineas le tobar Chuilm Cille sa mBannrach Bán i Co na Gaillimhe. Tá reilig cois fairrge sa mBannrach Bán. 300 slat soir ón reilig tá tobar beannaighthe ar a dtugtar Tobar Chuilm Cille. Tá sé ri-dheacair é fághail ‘measg na carraigreacha ach ‘spáinfidh duine ar bith dhe mhuinntir na h-áite dhuit é. Poll cruinn i gcarraig tá ann agus cloch chruinn istigh ann. Tagann na daoine as chuile áit ann an 9adh lá de M[eith]eamh. Casadh fear orm. Micheál Ó Fhlaithbhearta b’ainm dó. Dubhairt sé go rabh glún an-tinn [aige] bunáite 15 bliadhna ó shoin agus gur leighiseadh é sa tobar. Is gnás leis na daoine [taganns] ar chuaird ag a tobar báirneach nó dó a bhriseadh agus iad do thabhairt do na […g? - ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] beaga a bhíonns i dtolamh ins an tobar. [N?] Tig leat paidreacha ar bith a rádh ach [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] go gcaithfidh tú a dhul timcheall ar a’ tobar 7 n-uaire.
Dubhairt Micheál liom gur toigeadh an chloch chruinn as a’ tobar [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh], ach d’fhill sí uaithi féin.
Tuairim is naoi míle é ón tobar seo treasna go h-Árd na Naomh [tá?] cloch mhór ar a’ duirling os comhair na reilige amach agus déanamh báid uirthi; bád Chuilm [Cille] a thuganns daoine na h-áite air.
Tá tobar eile a’ bhaineas le Colm Cille ar a’ ngainimh [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] 50 slat soir ón Reilig. Poll domhain é agus bhíodh gur líonadh puill eile thart [air?] le gaineamh agus an taoille a’ tuilleadh ‘s a trághadh níor líonadh an ceann seo ariamh [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] siad cuaird ar a’ gceann seo freisin.
Sean-Bheag a casadh liom in Indreabhán a d’innis na rudaí seo.
Ba driothar la Naomh Éanna Colm Cille. Bhí an bheirt acu ar Árainn. Ba Éanna an duine ba sine.
Mac dara – é sin patrún Conamara – an 16 lá déag de Iúl.
[ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] rabh daoine naomhtha a’siubhal i bpeidhrí ó Bhearna go loch 20 míle uaidh agus gurabh [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] peidre go loch na naomh nuair bhí an peidhre deireannach a‘ fhágáil “bearna". [Bheannaigh?] siad an loch ar a dtugtar loch na naomh anois.- Informant
- Micheál Ó Flaibhearta
- Gender
- Male