School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Location:
- Westport, Co. Mayo
- Teacher: An Br. C. J. Ó Haoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a bhí ins an Lochán Beag tamall maith ó shoin. Bhí gearrán aige. B'shin a rabh de mhaoin a' tsaoghail aige. Ní rabh comhluadar aige ach a shean-bhean. Amach faoi Bealtaine bhíodh an gearrán fághtha thuas ar a sliabh, mar ní rabh tada ag Micheál Ó Corráin (fear a' chapaill) le tabhairt dhó. Oidhche amháin agus b'aisteach é thuit sneachta mór agus níor féad Micheál sroicint go dtí an gearrán lá ar na bhaireach. I gceann cúpla lá 'na dhiaidh sin thug Micheál iarracht dhul go dtí an gearrán. Bhí naidhe air faoi agus bhí 's aige go rabh an talamh clúdaighthe ag a' sneachta. Dubhairt sé lena bhean "is fearr duit cúpla fata a sgriobadh agus cáca bacstaí a dhéanamh. Tá fhios agam go bhfuil an gearrán i sáinn, go bhfuil ocras air agus tiubhraidh mise an bía ag a'chreatúir bocht". Ghluais le Micheál fé dhéin an ghearráin agus an cáca faoin a ascal. Ach ar chuma ar bith bhí tuairisg maith aige cá mbíodh an gearrán ag fanacht. Tháinic sé go dtí an áit sin a mbíodh an gearrán go h-iondúil. Ní rabh sé ann. ......fairnéis ar bith air. Chuartaigh sé leis agus ar ball céard a gheobhadh sé ach an gearrán bocht caillte ins an sneachta. Bhí Micheál I gcruadh-chas. Chrom sé anuas agus ..oin sé a sháith. Tháinic sé anuas go dtí an tsean-bhean agus é ag caoineadh. Chuala an tsean-bhean an caoineadh agus cuaidh amach roimhe. "Cé'n fath do chaoineadh" ar sí."Tá mo chara caillte indiu" A Shiobháin, an gearrán bán caillte ins an tsneachta. Thosuigh an tsean-bhean ag caoineadh agus chruinnigh na comharsana go teach Mhichíl. ..D'innis Micheál a sgéal dóibh. Ghluais leobh uilig amach ar a' sliabh arís go dtí an gearrán go bhfeannfadh siad é. Rinneadh amhlaidh agus cuireadh an craiceann ....i mála. Bhí go maith 's ní rabh go h-olc. Amach ins an meadhon - oidhche ......Micheál gus a shean-bhean ar a leabaidh. Chuala siad torann ag a 'doras. Chrothnaigh(?) siad agus tháinic sgannradh mór ortha. Is cosamhail le torann an ghearráin féin é arsa Micheál "Tá aimhreas orm gur sidheoga atá t'amú" ars Siobhán(continues on next page)
- Collector
- C. J. Ó hAoláin
- Gender
- Male