School: An Cheathrú Mhór
- Location:
- Carrowmore, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Glacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cheathrú Mhór
- XML Page 69
- XML “Purgadóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Purgadóir
1. Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaid:-
Micheál Ó Loinn.
2. A sheóladh: Ceapach, Baile Chaiseal
3. A aois: Timcheall 50 bliadhann
4. A gairm bheatha: Feirmeóireacht
5. Cár tógadh é agus cár chaith sé a shaoghal."
Tógadh é i gCeapach agus chaith sé a shaoghal annsin
6. An dáta a sgriobhadh an sgéal: 18.7.'38
An Sgéal
Thainig aingeal as flaitheas lá amhain ar chuairt chuig na h-anmneacha bochta i bPurgadóir. Bhí an truagh aige dóib.
"An ndearna ceachtar agaibh torann mhaith nuair a bhí sibh ar an dtalimh go mbeadh leith-sgéal agam le sibh a thabhairt go flaitheas."
Bhí bean ann agus dubhairt sí. "Thug mé meacan lá amháin go bhean bhocht."
"Arb é seo é" arsa an t-aingeal
"Ó sin é" arsa an bhean.
"Beir greim air" arsa an t-aingeal.
Bheir sí greim ar chríoch de agus choinnigh an t-aingeal greim ar an gcríoc eile. Annsin thosuigh siad ag eiteall go flaitheas.
Nuair a chonnaic na daoine an bhean ag fágáil Purgadóir. Rug ceann aca(continues on next page)- Collector
- Áine Ni Ghiolla Riogh
- Gender
- Female
- Informant
- Miceál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cappagh, Co. Mayo