School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)
- Location:
- Glengarra, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Page 207
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean fadó agus bhí beirt páistí aici. Nuair a fuair an bean bás do phos an fear bean eile.”
Bhí bean fadó agus bhí beirt páistí aici. Nuair a fuair an bean bás do phos an fear bean eile. Nuair a bhí siad pósta tamaillín do glac gráin leis na beirt páistí agus do dhein sí a dhíceall ar gach slighe cun iad do marbhú. Gach aon oidhche a bíodh siad in a gcodladh tógaigh sí na h-éadaighe leabhcan anuas ortha cun go bfuigeaodh siad bás leis anbfuacht. Do dhein sí an rud ceadhna gach aon oidhche i ndiaidh a céile ar feadh seachtmaine agus oidhche amháin thánaigh máthair ns bpáistí agus chuir sí na h-éadaighe leabhcan anuas ortha. Bhí an beirt páistí amuigh ins na páirceanna lá amháin ag piocadh bláthanna agus bhí tarbh ins an bpáirc agus do rith sé i ndiaidh na beirt páistí agus bhí siad ag gol agus ag liúraigh agus tháinigh a mháthair i gcabhar ortha arís. Oidhche eile nuair a bhí an fear agus an bean inighthe go dtí torramh a bhí san áit, d'fhágadar an beirt páistí sa tigh gan aoinne in a bfóchair leó. Thárla gur tháinigh fear iasachta isteach sa tigh agus tháinigh an máthair agud d'fhan sí sa tigh ar feadh na h-oidhche ag tabhairt(continues on next page)- Collector
- Éamonn Uinnsudúin
- Gender
- Male
- Address
- Glengarra, Co. Waterford