School: Ceapach Chuinn (B.) (roll number 1936)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Proinnsias Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dhá brainnse desna Crathaigh i Sliabh Gcua, agus tá fós; na Clann Buidhigh, (Clann Bhruaideadha?) agus Craithigh an Praipín. Bhí na Clanna Buidhigh ana-chumhachtach, agus ba leótha an taobh thiar de Conntae Portláirge ar fad, lá dá rabhadar. Ceann acha, Domhnall Mac Craith, a thóg an mainistir a bhí i nDún na Mainistreacha sa tríomhadh h-aois déag. Thóg an fear so caisleán gairid do'n mainistir, agus bhí an fhothrach le feiscint go dtí le déanaí; b'éigean í a leagaint. Bhí caisleáin eile ag na Crathaigh sa conntae, An Caisleán Chuanach, An Caisleán Riabhach, agus Caisleán Churrach-Cluana. Níl a rian ann anois, ach amháin go bhfuil cuid de Caisleán Churrach-Cluana i n-a sheasamh fós. Ceann desna Clanna Buidhigh ba eadh Pilib Mhac Craith a bhí i gCúirt Churrach na Slaodaí. Sa 17ad aois a mhair Philib, agus bhí sé de cháil ar go raibh meas mór ag gach aoinne air. Ceann de Phaoraigh an Churraigh Mhóir a bhí pósta: Pilib an tSíoda agus Máirín Mhilis a thugtaí ortha. I bFearnán a bhí comhnuidhe ar Philib nuair pósadh é, agus nuair thug sé an bhean óg abhaile leis tar éis mí na meala a chaitheamh, ní raibh aon meas aici ar an tigh. Dubhairt sí go raibh stáblaí ag a h-athair dosna capaill ní b'fhearr ná an t-árus comhnuidhthe bhí ag Pilib. Thosnuigh se annsan ar cúirt a thógaint ag Currach na Slaodaí, agus seacht mbliadhna a bhain sé dhe i thógaint. Fuair sé an oiread san conganta ósna na daoine go(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Informant
- Labhrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Cappoquin, Co. Waterford