School: Ceapach Chuinn (B.) (roll number 1936)

Location:
Cappoquin, Co. Waterford
Teacher:
Proinnsias Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 92

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 92

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceapach Chuinn (B.)
  2. XML Page 92
  3. XML “Na Saighdiúirí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go Sráid an Muilinn. Comh luadh is d'imthigh na sheirbhísigh leag an cailín an droichead agus cuir sí solas i bhfuinneóig áirtha i mbarra na cúirte, mar a bhí geallta aice. Isteach le h-Uaithne is le n-a mhuintir. Cheanghluigeadar na h-oifigígh.Scannruigheadar Máirín Mhilis agus a h-ingheanacha agus thógadar gach aon rud a bhí fiú a thógaint. Nuair bhíodar ag imeacht, thógadar leóthna na h-oifigigh agus iad caithte isteach i dtrucaill capaill. Amuigh ag an Móin Chaol i Réidh na dTeampán mharbhyigheadar iad agus chuireadar na cuirp i bpoll doimhin a hí san abhainn atá idir Réidh na dTeampán agus Cnoc Bhléanthais. Áth na Saighdiúirí atá ar an bpoll. mar bhí ádh ann an uair sin, nó b'fhéidir i n-a dhiadh san. Nuair fuair an t-arm i gCluain Meala amach go raibh na h-oifigígh imthighthe, cuireadar an milleán ar Máirín Pilib an sSúíoda gurbh í ba chionntach, Acht ní raibh aon tuairisc orhta agus tairgigheadh trí chéad púnt do'n té a thabhairaidh tuairisc ar cá bhfaghfhaí iad. D'fhan an scéal mar sin ar feadh bliadhain go leith. Bhí aodaire bó a bhí ar Cnoc Bhléantais sínte ar phort na h-abhann lá breágh Samhraidh, agus thug sé fé ndeara na búclaí práis ag soillsiú thíos ar thóin phuill. As go brádh leis go Cluain Meala leis an scéal. Fuaireadh na h-oifigígh sa pholl agus bhí sochraid mór an lá thángadar fé na ndéin. Bhaineadh a stát ar fad de Mháirín Philib agus dóghadh an chúirt. Bhí tigh beag gairid do Shráid an Mhuilinn ag Máirín mar air a chaith sí an chuid eile dá saoghal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Informant
    Labhrás Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cappoquin, Co. Waterford