School: Ceapach Chuinn (B.) (roll number 1936)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Proinnsias Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceapach Chuinn (B.)
- XML Page 94
- XML “Driotháir Philib”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí driotháir ag Pilib Mhac Craith agus bhí deichneabhar macaige. Nuair briseadh Craithigh na Cúirte leathnuigheadar amach ar fuaid na dúithche; is cá ná raibh aon réim mhór thalmhan ag aoinne aca, bhíodar ana-chumhachtach i n-iarthat Phortláirge agus mór-mhór i Slibh gCua ar feadh abhfadh. Do réir deallraimh, glach cuid aca páirt lesi na Sasanaigh, mar bhíodar n-a bprócadóirí ag bailiú na ndeachmhadh do sna ministéirí. Ní raibh an báidh mhór ag sna daoine leó mar do réir gach tuairisc braobairí borba an truagh gan taise ba eadh iad. Dheineadar go leor rudaí gránna agus bhídís féin is na sagairt ar mhullaighe ceann ar a céile. D'éirigh idir beirt aca i dTuair an Fhíona, lá. Gaolta ba eadh iad. Chuadar istigh i seomra agus chuireadar an glas ar an dorus. D'fhanadar istigh ann ag troid gur marbhuigh fear aca fear eile. An Domhnach i n-a dhiaidh sin arís chuaidh an Craitheach isteach sa séipéal le linn an Aifrinn agus strach sé an sagart anuas de'n altóir. Mharbhóthadh sé é muireach stróinséir a bhí sa séipéal a' chosaint. Bhí na Crathaigh chomh millteach san ná leighfeadh an eagla d'aoinne dul ag cosaint an tsagairt. B'éigin d'on easbog teacht as an séipéal a bheannú arís fé bhfághfaí Aifreann a léigeamh ann. Nuair tháinigh an t-easbog, ghearán na Craitigh agus an sagart a chéile. Bhí an oiread san cumhachta ag na Craitigh go raibh an chuid a b'fhearr de'n scéal aca; agus b'éigean do'n sagart dul isteach go Dúngarbhán gach aon maidean Domhnaigh ar feadh bliadhna, Aifreann a léigheamh ann agus a bheith thar-nais chun(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Informant
- Labhrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Cappoquin, Co. Waterford