School: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (roll number 7311)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Áine, Bean an Daltúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Gan an teine do mhúchadh amach is amach riamh ag dul a codladh agus gan cathaoir ná aon rud eile d'fhágaint ar an teinnteán istoidhche mar bheadh siad i slighe na nDaoine Maith.
2) Ní cheart an tigh do leathannghadh thuaidh nó siar. Má deintear amhlaidh b'fhéidir go gcuirtear isteach ar na sidheogaibh.
3) Nuair a bhíonn duine marbh 'sa tigh is ceart cuigeann a dhéanamh (san tigh) sar a dtógtar an corp as an dtigh.
4) Ní cheart gruaig a bhaint Dé Luain.
5) Bíonn míd-ádh ar an dtig 'na mbíonn triúr de'n ainm chéadhna.
6) Má bhíonn sop i ndiaidh circe comhartha socraide é.
7) Bheadh míd-ádh ar an duine a chaillfeadh fáinne pósta.
8) Má chítear bean ruadh ag crosaire bóthair comhartha míd-áidh é.