School: Baile Dubh (1)
- Location:
- Ballyduff, Co. Waterford
- Teacher: Bríd Ní Dhúnaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Dubh (1)
- XML Page 49
- XML “Paidreacha Seanmhná”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag dul a codladh dhuit abair :
Luighim ar an leabaidh mar luighim san uaigh
Deanaim m'fhaoisidín leat, a Íosa, go cruaidh
Trí gníomhartha mo choirp. trí smaointe mo chroidhe
Trí amharc mo shúl, tré labhairt mo bhéil
Trí siubhal mo chos
Trí gach nidh adubhairt agus ná raibh fíor
Trí gach nidh gheallas agus nár cóimhlíontas
Gach nidh do rinneas i gcoinne do dlighe nó do thoile naomhtha
Iarraim maitheamnas ort, a Rí na Glóire
Ag eirighe dhuit ar maidin abair :
Eirighim suas le Dia, go n-éirighidh Dia liom
Lámha Dé im' thimpeall
Ag suidhe agus ag luighe agus ag eirighe dhom. Amen.
Buíochas Dé go dtuillimíd
Gloire Dé go bhfuighimíd
Ceolta Dé go gcloisimíd
Is beatha na naomh go bhfuighimíd
Anna, máthair Muire, Muire máthair Críost, Sibeul, máthair an Báiste
Cuirimíd an triúr san idir sinn agus galar na leabthan
Crann ar cuireadh Críost idir sinn agus an trom-luighe.- Collector
- B Ní Dhúnaighe
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean an Phaoraigh
- Gender
- Female