School: West Waterford Branch I.N.T.O (roll number n/a)
- Location:
- Coshmore and Coshbride, Co. Waterford
- Teacher: James Cashman
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)treorú go Tig na mBocht i Liosmór leis ach ba gan socradh an iarracht san leis.
Bhí crann fuinnseóige ag fás in aice an tobair fadó agus chuaidh fir chun é do gearradh timceall 60 bliain ó shoin. Thosnuig an crann ag tabhairt fola agus leigeadar ann é. Do thuit sé timceall fiche bliain ó shoin nuair a bhí sé reoite ach níor briseadh fiúach craobh de artuitim dó. Tá sé 'na luighe ó shoin san áit agus níor cailleadh cuid de do réir deallramh, thuit sé. Tá drann fuinnseoige eile san áit anois agus cítear ribíní agus piosaí eadaigh ar crocadh de.
Is mó duine a théigheann ar thorus ann mar is léir óna ribíní úd, mar fágann gach duine a théigheann ann píosa eadaigh 'na dhiaidh.
Nuair théigeann duine ar thorus ann ní foláir dul timcheall an tobar trí uaire ag tosnú ar an dtaobh thuaidh agus ag dul leis an lámh eile ar thaobh an tobair. Ní fios cad iad na paidreacha deirtear. Is dócha go bhfuil aon cinn speiseálta ceapaithe cuige.
Ní fios ar an oiread an bhfuil aon leigheas go leith le fágháil as. Fuair bean, go raibh súile tinn aici leigheas de bharr uaire a thug sí ann.
Tógann daoine braoinín den uisge leo agus téigheann daoine ar uaire ann fós ach níl aon lá ceapaothe don phobal dul ann. Ní traít ar don patrún a bhaineann leis agus ní raibh riamh.
Is iad na paidreacha ceadna agus na rudaí ceadna(continues on next page)- Collector
- James Cashman
- Gender
- Male