School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Page 74
- XML “Na Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an pian comh mór san gur cuireadh fios ar an ndochtúir. Cuir an dochtúr go dtí an ospuidéal é. Bhí sé san ospuidéal ar feadh sé seachtaine nó mar sin. I ndeire na dála do caitheadh an láimh do bhaint de ó'n crog síos._____________________Tá lios ar thalamh m'athair agus tá dóg uisce timcheall air. Ní threabhann siad an lios ar aon chor mar deirtear nuair a threabhann duine lios baineann rud éigin ait dóibh.
Tá lios ar talamh Mícheál ó h-Athaire agus thit duine ina codladh ann aon oíche amháin agus nuair a dhúisigh sé bhí a lán rudaí timpeall air. Bheir sé ar rón agus ina dhiaidh sin níorbh fhéidir le aoinne é a buachaint ag obair le rón.
Má crosfar ar duine lios do threabhadh níl sé rothamhail é dhéanamh mar deirtear go dtuitfeadh rud éigin amach dos na capallaibh nó neachtar acú don duine. Muna gcrosfar ar duine é do- Collector
- Mícheál Ó Fhloinn
- Gender
- Male