School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 367
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó i seadh bhíodh an Gobán so ag imtheacht ar fuaid ns hÉireann a tógaint caislean dos na righte go léir. Agus ga' haon chaisleán a thóg sé bhí an chéad cheann eile a thóg sé ibhfad ní b'fhearr agus ní ba dheise.
Uair amháin thóg sé caisleán do Rí Laighean. Ansan chuir Rí Mimhan fios air chun caisleán a thógaint do féin, mar nár mhaith leis go mbeadh caisleán ní ba deise ag aoinne eile ná mar a bheadh aige féin.
Nuair a bhí an caisleán tóicithe aige, "Tá san go breágh" arsaidh an rí. "Ní fheadar an bhfaghfá feabhas a chur ar an gcaisleán san?".
"Ní bhfaghainn", ars'an gobán "agus ní dóigh liom go bhfaghaidh mé aon ceann eile a dhéanamh go deó arís a bheidh chún deas leis"
"Dé cúis é sin?" ars'an rí.
"Bheul", ars'an Gobán, "bhí an obair san chún deas san orm gur dóigh liom go bhfuil mo meabhar is m'inntinn tar éis dul i laige dá bhárr".(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Bruadair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Ardmore, Co. Waterford