School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
![The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 369](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0642%2FCBES_0642_369.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 369
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 369
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Gobán air.
Do fheuch an t-amadáinín suas agus nuair a chonnaic sé an fear ináirde ar an gcaisleán tháinigh ionga a croí air.
"Cad atá tú a déana annsan?" arsa sé leis a' Gobán.
D;innis an Gobán dó connust mar a bhí.
"Agus cé thóg an caisleán?" ars'an t-amadán.
"Mise" ars' an fear eile.
"Is ait an fear tú, mar mas fir athá an scey=ul", ars'an t-amadán, "nach bhfuil fhios agat gur fusa seacht gclocha a chaitheamh anuas ná aon chloch amháin a chur ináirde".
"Dar fiadh", ars' an Gobán,"is fíor dhuit é sin".
Rug sé ar chloch agus chaith sé anuas í. Lean sé ar an réabadh agus ar an gcaitheamh anuas gur tháinigh an Rí amach agus buile an domhain air.
"Cad atá ar siubhal annsan?", arsa sé leis an Gobán.
"Tá fonn orm an caisleán so a leagaint go talamh" ars'an Gonán.
"Fain, ná dein", ars'an Rí agus gheobhad an dréimire duit".
Fuair, agus tháinigh an Gobán anuas agus pé beagáinín airgead a bhí a teacht chuige ón Rí, fuair sé é agus thug sé a bhóthar air.- Informant
- Michéal Ó Bruadair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Ardmore, Co. Waterford