School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 430
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag dul abhaile tháinigh an buachaill den a chapall. Chuaidh sé anonn go capall an fhir bhig agus rug sé ar an gcailín agus chuir sé anáirde ar a chapall féin í.
Labhair an fear beag leis agus arsa sé "Is olc an rud a dhein tú anois. Tá mé ag imeacht uait anois ach an maidin nuair a raghaidh tú amach sa pháirc beidh na beithíg agus na capaill agus gach aon rud atá ar an bhfeirm tar éis bháis".
D'imigh an fear beag ansan agus an chéad maidin eile nuair a chuaidh an buachaill amach bhí gach aon rud tar éis bháis.
An lá sin bhí an buachall ag siúl síos i bpáirc in a raibh lios. Bhí sé ag féachaint isteach sa lios agus chonaic sé an fear beag ag rith timpeall ann. Chuaidh an buachaill suas go dtí an fheirm agus dúirt sé leis na daoine a bhí ag obair ann dul síos go dtí an lios agus an fear beag a thógaint amach.
Chuadar síos go dtí an lios agus rughadar ar an bhfear beag agus thógadar go dtí an buachaill é. Bhí an buachaill chun é a marbhú nuair a labhair an fear beag agus dúirt sé "Ná marbhaigh mé fós agus beidh gach aon rud ar an fheirm beó ar maidin agus beidh tusa ar an bhfear is saibhre sa domhan". Níor marbhuigh an buachaill an fear beag ar aon chor. An chéad maidin eile bhí gach aon rud ar an bhfeirm beó agus tar éis tamaill ba é an buachaill an duine ba(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Cuilliú
- Gender
- Female
- Informant
- Maitiú Mac Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Address
- Grange, Co. Waterford