School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí feirmeoir ann aon uair amháin agus bhiodh sé an-cruaidh ar an bhfear oibre a bhí aige.”
Bhí feirmeoir ann uair amháin agus bhíodh sé an-chruaidh ar an bhfear oibre a bhí aige. Níor mhaith le aoinne dul ag obair chuige an mbeadh obair le fáil ó aoinne eile aige.
Bhí sé de mhí ádh ar buachaill dul in aimsir chuige. Dúirt an feirmeoir leis nár mhór do bheith ina shuidhe go moc ar maidin mar go raibh coirce le cur sa pháirc.
D'éirigh an buachaill go moch ar maidin ach ní raibh aoinne chun a bhricfeast a thabhairt dó. Nuair a tháinigh an dinnéar dob é an sgéal céanna é. Bhí sé ag titim i laigheacht leis an ocras.
Cuaidh sé go dtí áit ina raibh lios. Do chuaidh sé isteach sa lios. Do bhí dinnéar breá ar an mbórd agus dubhairt na Daoine Maithe leis suidhe chun an mbórd agus a dhóthain d'ithe agus d'ól. Nuair a bhí a dhóthain ithe agus ólta aige thug sé buíochas dóibh. Agus dubhairt an fear leo go dtabharfadh sé cabhair dóibh nuair a bheadh an coirce aibidh.
Nuair a tháinigh an Foghmhair do thug an buachaill ualach maith den coirce dos na daoine maithe. An maidin ina dhiaidh bhí fhios ag an feirmeoir go raibh cuid den na choirce imithe. Tháinigh fearg air leis an mbuachaill agus do bhuail sé é.(continues on next page)- Collector
- Máireadh Ní Ciosain
- Gender
- Female
- Address
- Knocknaskagh Lower, Co. Waterford
- Informant
- Seán Ó Floinn
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Kilmolash, Co. Waterford