School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Pádraig Mac Craith. Bhí sé ós cionn 6 troighthe ar aoirde agus é cumta dá réir.”
1. Pádraig Mac Craith. Bhí sé ós cionn 6 troighthe ar aoirde agus é cumtha dá réir. Nuair a bhí sé óg ní raibh fear a sárochadh é ag caitheamh meachainí. Gaibh sé duaiseanna ar fuaid na Contae agus leath-smuig di. Bhí an chraobh aige ar an leath chuid agus an ceathrú chuid. Bhí sé ina chónaí in Leachan Dara. Fear ráis be eadh é leis agus is minic a ghaibh sé rás céad slat. Idir na bliainta 1885 agus 1895 a bhíodh sé ag iomaidheacht. Fear tréan, láidir, garbh go raibh luth na gcos agus na lámha aige. Bhí sé mór gan a bheith trom.2. Ag na dceithiní a rugadh agus a thogadh Domhnall Ó Fearacair. Timpeall 1850 rugadh é. Bhí ainm Domhnaill in áirde ar fuaid na hÉireann. Bhí rith agus léim luth agus neart ann. Níor bhuail sé le fear a bhuadhfadh air le na linn. Bhuaidh sé Craobh na hÉireann i gcomórtas iomlán agus é in aois a dachad bliain. Bhí lán seomra de dhuaiseanna aige. Fear lámhach den tsean aimsir be eadh é, óilte, cliste gan eirí in áirde. Fear a dheanfadh rud ar aoinne i bpráidinn go raibh croí mór aige.- Collector
- Seán Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ballynameelagh, Co. Waterford
- Informant
- P O' Mileadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Tooraneena, Co. Waterford