Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)
- Suíomh:
- Coolnasmear Lower, Co. Waterford
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní tosnóchad daoine ag treabhadh ná ní dhéanfaidís tig Dia Luain. Ní maith le daoine cat dubh an céad rud a casadh ortha Dia Luain. Deirtear go mba mí-áidh ortha.
Ní chuireann daoine na h-inúin go dtí an "lá is giorra" sa mbliadhain agus ní bhainfidís iad go dtí an "lá is sia". Ní cuiridís síol na bprátaí ach ón 17adh lá de Mhárta go dtí an 25adh lá de Mhárta.
Deirtear gurab é ón chéad lá d'Aibreán go dtí an 9adh lá, laetheannta na "Dó Riabaice!. Bíonn sean-raoich agus an gaoth mór nn. Tugtar "Nodlaigh Beag" ar an 12adh lá i ndiaidh an Nodlag.- Bailitheoir
- Peigí Ní Deimhnis
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Deimhnis
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Knockanpower Lower, Co. Waterford