School: Mágh Dheilge, An Cheapach (roll number 9889)
- Location:
- Modelligo, Co. Waterford
- Teacher: Séamus Ó Banáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar Máigh Dheilge.
Tá tobar beannuighthe i Máigh Dheilge timcheall leath-míle ó dheas ó'n séipéal. Bhíodh an domhan de dhaoine ag tabhairt turus ann go dtí tamall beag de bhliadhanta ó shoin. Lá an Phárúin is mó a theighidís ann. An 15adh lá de Luighnasa a bhíodh an pátrún ann, agus lá'l Muire Máigh Dheilge a thugtaí air sa dúithche seo. Daoine a mbíodh an radarc ag imteacht uatha, nó aon galar mar sin ag gábhailt dóibh téighidís dtí an tobar, agus tugaidís turus ann agus deirtí go leighistí go leór ann. Bhí oifigeach airm 'na comhnuidhe gairid do'n áit sin, uair (agus tughaidís turus ann) agus Sasanach ba eadh é. Bhí árd capall aige agus pé rud a tháinigh air, d'imthigh sé caoc. Thairig sé deich bpúnt d'fear a bhí aige, ach an capall a thabhairt leis. D'eitigh an fear é, agus bhí fear eile ag obair aige agus dubhairt sé go ndéanfadh sé féin é . Thug sé an capall chun an tobar agus thug sé an turus leis. Leighiseadh an capall, agus chuaidh an fear abhaile in a dhall.- Collector
- Séamus Ó Banáin
- Gender
- Male