School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint.Tamall beag suas ó'n droichead san ar bhóthar Bhléantais atá faill ar thaobh an bhóthair, Faill na nGárlach. Dhá leanbh a cailleadh sa droch-shaoghal agus cuireadh ag bhun na faille iad. Deireadh na sean-daoine go bhfeictí dhá choinneal ar lasadh sa bhfaill aoinne bheadh ag gabhailt ann i lár na h-oidhche.
Bhí Sasanach i n-a chomhnuidhe sa Chnoc Buidhe fadó nuair bhíodh an t-Aifreann i bPáirc an Aifrinn. An fhaid a bhíod an t-Aifreann ar siubhal bhíodh sé i n-a shuidhe ar charraig ar an taobh eile de'n abhainn. D'innis duine éigint do'n sagart go mbíodh sé ann, agus chuaidh sé chun cainnte leis. D'iarr an sagart air iompódh i n-a Chaitliceach.
"Sé an uair a iompóidh mise im' Caitliceach ná nuair a chífidh mé an abhainn sin i n-a fuil agus í ag rith i gcoinne an chnuic", ar seisean. D'oscail a' sagart a leabhar agus chuir sé air an stóil. I gceann cúpla neómant nó trí d'iomphuig sé ar an bhfear eile:
"Féach ar an abhainn anois" ar séisean(continues on next page)- Collector
- Cáit Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Éilís Ní Chadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford