School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oíche mór ghrinn is ea Oíche Shamhna. Bíonn suipéar mór i ngach tigh an oíche sin agus deintear bairín -breach i gcóir an suipéir agus cuirtear alán nithe isteach ann, mar atá fáinne, ceirt mearachán, píosa lasán, cnaipe, leath-raol nó raol. Bíonn gach éinne ar cipíní féachaint cad a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cuardaigh ná fonn ithe a bhíonn ortha, go mór mór ar na daoine óga. An duine a gheibheann an fáinne is é nó í is luaithe pósta; an té a gheibheann an méarachán nó an cnaipe is táilliúr a pósfaidh sí; an duine a gheibheann an t-airgead beidh saibhreas aige nó aici.
Tar éis an tsupéir cuirter tubán lán de uisce i lá an úrlár sa chistin agus cuirtear alán úill isteach ann agus bíonn gach duine ag iarraidh úl a thógaint amach as an tubán lena bhéal gan lámh a chur san uisce ná san tubán. Uaireantacuirtear airgead ar tóin an tubáin agus ansan bíonn ana-spórt ar fad ag féachaint ar na buachaillí ag tumadh a gcinn san(continues on next page)- Collector
- Cáit Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Éilís Ní Chadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford