School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
- XML Page 197
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Badh é an chéad áit ar' spáin Petticoat Loose í féin ná theas ag an Corra Bheatha, an baile ar rugadh is ar tógadh í.”
Ba é an chéad áit ar 'spáin Petticoat Loose í féin ná theas ag an Corra Bheatha, an baile ar rugadh is ar tógadh í. Bhí baiste i dtig éigint ann is ba gheall le pósadh gach aon baiste an uair sin le h-ithe is le h-ól. Am éigint i lár na h-oíche chuaidh fear éigint amach agus chonaic sé ó seo amuigh sá macha. Tháinig sé isteach is d'innis sé a scéal. Bhí an dram istigh súgach go maith, is dúirt duine acu go mb'fhearr braon a thabhairt cúichí go raibh dúil riamh aici ann. Amach le triúr nó ceathrar acu is coinneall is buidéal is gloine. Bhí sé amuigh ar an taobh eile den macha. Glaodhadar anall uirthi is crom ceann aca ag líonadh an ghloine. Bhí gach aon scoth gáire aici ag féachaint i leith air. Thugadar tamall mór a fiadhach; a d'iarraidh teacht suas léithe, ach nuair a bhídís ar thaobh den macha bhíodh sí sin ar an taobh eile isí ag briseadh a croí ag gáire. B'éigint dóibh eirí aisti sa deire isí d'fhágaint ansan. Níor dhein(continues on next page)- Collector
- Éilís Ní Chadhla
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Siobhán Tóibín
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Tooraneena, Co. Waterford