School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Location:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Teacher: Gearóid Ó Coindealbháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cistí óir i bfolach.
Abhfad de bliadantaibh ó shoin deirtí go raibh bosca mór óir thíos fé'n dtalamh ag bun Cnuich na Sidhe. Deireadh na sean-daoine ná beadh aon maith do dhuine dul fé n-a dhein ach i lár na h-oidhche. Is mó duine gur maith leis é bheith aige ach ní leigeadh eagla do dul go dtí an áit mar bhí sprid millteach malluighthe á cosaint agus aoinne a teigheadh go dtí an áit cuireadh sí trí ceisteanna air agus muna mbeadh sé ar a cumas iad do fhreagairt mharbhóchadh sí é. Ní nach iongnadh níor cuaidh aoinne ann ach fíor-beagán, ach dar ndóigh, an méid a cuaidh níor casadar. Bhí fear amháin ann, pé scéal é, agus b'fhada a bhí sé ag cuimhneamh ar dul go dtí Cnoch na Sidhe ach cuirfeadh sé ar an meur fhada é. Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag machtnamh ar an t-ór bhreágh buidhe a bhí ag imteacht gan mhaith thuas ag bun an tsleibhe agus an oidhche seo dubhairt sé leis fein go raghadh sé ann pe rud a thárlóchadh do.
Oidhche breágh gealaighe ba eadh é(continues on next page)- Collector
- Pádraig Teidhirs
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Domhnaill Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford