School: An Chill, Dúngarbhán (roll number 630 or 16748)
- Location:
- Kill, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timpeall míle go leith ar an dtaobh thiar den Chill tá Faithcín no Baile Ristín. Láimh le Bun Machan i ngleanntán uaigneach atá an áit. Tá séipéil beag ann agus reilig. Tá sruthán ag rith tríd an glenntán idir an séipéil agus ionad ne sean mainistreach.
Ba mhór le rá an mhainistir sei in alladh agus go leor manach innte. Tá sé ráite gur aistrig an mainistir agus an roildh dá leonta féin treasna an tsruthán oíche áirithe. Deirtear gur chuireadh Protastúnach i reilig na mainistreach agus nár thaithnigh san leis na manaig. An maidin a bhí ina gceann tháinigh iongha agus allta otha nuair fuaireadar iad féin, an mhainistir agus an roildh ar an dtaobh eile den sruthán agus uagh an Protastúnaigh ins aonar san áit inar chuireadh é.
Deir daoine eile go raibh an talamh ar an dtaobh eile ró-fhluich chun curadóireachta agus go mbíodh an mainistir láimh le bheith báidhte le linn thuille agus gurab é sin an cúis gur aistrigheadar.
Tamall ina dhiaidh sin tháinigh oireamh chun páirc na mainistreach a threabhadh. Sul a raibh deire leis an obair aige thit ne cpaill maol-marbh fén gceachta agus b'éigin do casadh abhaile gan a thuilleadh a dhéanamh. Deirtear leis go raibh sé ina mhairtineach, ón lá san go bhfuair sé bás.
Tamall ina dhiaidh sin cuireadh prátaí sa pháirc céanna. Beirbhigheadh cuid aca. Togadh an ceann den corcán ach ní raibh dada istigh ann ach cubar.(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Craith
- Gender
- Male