School: An Chill, Dúngarbhán (roll number 630 or 16748)
- Location:
- Kill, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí fir ag obair ins an mbhóithrín atá le hais na h-áite seo an lá fé dheire agus fuaireadar cloiginn daoine sa claidhe. Sin comhartha go raibh sean-reilig ann.
Tá sé ráite leis go bhfuil pasáiste fé thalamh ag dul ó sean-mhainistir Baile Ristín go dtí Mainistir na Cille Bige, áit a raibh mainistir mór fadó. Dhein na manaig an pasáiste seo chun go mbeadh sé maráit folaithe acu le linn gabhtair. Tríd an pasáiste seo teigheadh na manaig ó Baile Ristín go dtí an Cill Beag. Tá an pasáiste sin le feiscint fós. Páirc an Teampaill glaodhtar ar an sean-pháirc ina raibh an sean-mhainistir fadó agus Paróiste na Manach a bhí ar an bparóiste ina raibh sé.
Níl le feiscint ann anois ach rian fothracha an mainistreacha. Deirtear go bhfuil manach curtha ós comhair na h-altóra sa séipéilín atá ann anois. Ní bíonn Aifreann ann ach uair sa bliain. Tá go leor daoine ó gach áit curtha sa reilig ach is annamh cuitear éinne ann anois. Is í an reilig is ársai sa ceanntar seo í.- Collector
- Tomás Mac Craith
- Gender
- Male