School: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (roll number 12535)
- Location:
- Waterford, Co. Waterford
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Paidir le rá ag tobar an Domhnaigh :
Go mbeannaigh Dia dhuit agus Rí an Domhnaigh naomhtha
Go mbeannaigh Muire dhuit agus beannaím féin duit
Is chughat thánag-sa dom gearán féineach
Ag iarradh cabhair in onóir ort.Paidir Beag
Flaitheas Dé go bhfeicimíd
Glór na naomh go gcloisimíd
A Thiarna go dtugaidh tú na grásta dúinn
Agus grásta na foighne agus na h-aithrighe
Agus go gcoinnidh tú ar stáid na grásta sinn. Amen.Paidir le rá ag dul isteach i dteampall :
Beannaím duit a theampall naomhtha
Beannaím duit a chrois, a chrainn, an duilleabhair glas, an crann ar crusadh tú. Cuirim mo chás deas fúm ar úrlár do tigh féin. Go dtugaidh tú maitheamhnachas dom i bpeacaí mo shaol.Paidir le rá ar éirí ar maidin :
Éirím ar maidin in ainm an aon-mhic
In ainm an té a cheannaigh go daor sinn
Cuirim coimirce m'anama fá bhrátha do sgéithe
Mo choinnsíos do ghlanadh ón uile smúit pheaca
Agus do bheith síochánach carthanach i measc na gcomharsan.(continues on next page)- Informant
- Nóra Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- Ringville, Co. Waterford
- Informant
- Tomás Ó Muireadaig
- Age
- 75
- Address
- Ringville, Co. Waterford