Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)

Suíomh:
Waterford, Co. Waterford
Múinteoir:
Seán Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Leathanach 246
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Samhradh gach Síon go Nollaig agus Fásach go dtí na Dóirse”
  5. XML “Grabaire Leanóra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí gabha ann fadó agus thá fós agus beidh go deo, fad a beidh feirmeoir beidh capaill agus annsin beidh gabha mara mbéadh ní mairfeadh capall ann.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí tailliúr ann fadó má bhí tá fós agus beidh go deo. Bhí tailliúr i nGleann Úra agus bhí sé pósta agus bhí aon inghean amháin cloinne aige. Do bhí capall oibre agus blúire talmhan. Chuaidh fear chuige a bhí ana-cruinn agus timcheall na h-uaire sé an spré a bhídís a' tabhairt don a céile in Éirinn ná seacht mblianta ag obair agus i gceann na seacht mbliana geobhadh an garsún inghean an fheirmeora gan aon phágh.
    Theastuig ón sglabhuidhe seo gach aon tslighe ní ba mheasa ná a chéile inghean a' tailliúra d'fháil. Thóg sé greim di aimsear seacha agus tá's agaibh an cuid eile. Bhí eagla air annsin . Ní fheadair cunnas (?) thiocfadh sé timcheall ar an athair cún é a shaoradh. Thug sé isteach i dtig ósta lá i nGleann Úra gur dhein sé ceathramha amhrán. Sé an tslíghe thosnuigh sé:
    "A greannúir ghlic ó Gleann Úr
    Go mbeidh an margadh so deánta
    Is fada mise ag éisteacht gus 's baoth é mo ghnó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.