School: Naul (roll number 1170)
- Location:
- Naul, Co. Dublin
- Teacher: C. Mac Fhíonntaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naul
- XML Page 91
- XML “An Cróchrann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sin taidhbhreamh no briongloid a bhéad ina bhfeicfidhe torramh nó bá tobann a bhéadh i ndán do duine saoghalta. Dá gceiltí an crochrann ar an duine sin thiochfadh sé fíor acht dá ninnistí é do’n duine go díreach mar connaictheas é san taidhbhreamh bhainfidhe an tol as agus ní bhéadh níos mo de.
Donnachadh Cathail as na sléibhte bhíodh sé a leithead sin ins an chrochrann (mar dheadh !) bhíodh na daoine seo na rith chuige annsin ar eagla na hurchóide agus bheireadh siad luach a shaothair do as é a innsint daobhtha go hiomlán. Chuir sé amach ar an chlann dalaigh na sár-fhir fairge sin as baile Eóin go bhfaca sé a gcosa dá nighe ( sé sin iad a bhathadh ) ag súil go dtiocfadh siad chuige cosamhaile le duine. In áit sin chuaidh siad go dtí an sagart Mag Floinn ar an Chlothan Liath air seasamh os comhair an phobail aifrinn agus aidbhéil go puiblidhe nach raibh in a chuid cainnte acht bréaga agus go stadfadh sé de. chuir sin deireadh leis an crochrainn bréige- Collector
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Neans Ní Chealachain
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Tawnaghgorm, Co. Donegal