School: St Mary's Tallaght (roll number 10457/8)

Location:
Tallaght, Co. Dublin
Teacher:
Bean Uí Chuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0795, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0795, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: St Mary's Tallaght
  2. XML Page 034
  3. XML “Taimhleacht Maolrúin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Suas le céad bliadhain ó shoin, nuair tháinigh an galar dubh ar na prátaibh, tháinigh an galar céadna ar na daoinibh mar ní raibh aon rud eile aca le n-iththe. Bhí siad ag faghail bháis ar na boithribh, ins na pairceannaibh, agus in gach aon áit. Má chuaidh duine in aice le duine eile, marbh nó beó, agus an galar air tháinigh an galar air agus fuair sé bás. Ar an ádhbhar sin ní raibh sé d'uain ag na daoinibh uaig a deanamh do gac duine marbh agus seo an slighe 'na cuireadh iad, nó poll an-mhór a deunamh, agus ualach cuirp a bailiú agus iad a cur isteach ins an bpoll agus leach mór a cur os a cíonn. Tá uaig mór de'n sagas so taobh amuigh Taimleachta agus seo mar fuair an baile beag so a ainm - taimh - an galar nó "plague" agus leac - an cloc mór reidh os cionn na h-uaige mór. B'shin é Naomh Maolrúin a cábhruigh leis na daoinibh san ceanntar so fé'n am so agus sin e an cúis a tugtar Taimhleacht "Maolrúin" air.
    San sean aimsear níor chuaidh an bothar san treó ceadna 'na téigheann sé fé lathair, chuaidh sé tríd na pairceannaibh ar thaobh do láimhe deise agus tú ag teacht ó Baile - atha - Cliath. Bí mainistear ins an áit 'na bhfuil an reilig go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    3. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Tallaght, Co. Dublin