School: Na Frasa (roll number 16375)
- Location:
- Frosses, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Robhartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deachaidh Diarmuid suas an cnoc chuaidh sé síos go dtí an fhairrge agus thug sé leis cupla ualach de ghaineamh na trágha agus luigh sé fhéin agus Gráinne air san oidhche.
Ar chogaint a órdóige do Fionn chonnaictheas dó go raibh Diarmuid agus Gráinne ar ghaineamh na trágha agus char fhág sé árdán nó ísleán thart fán tráigh nár chuartaigh sé acht théip air Diarmuid a fhághail.
Chuaidh Fionn agus na Fiana suas Gleann eidhnighe annsin agus comh luath is fuair Diarmuid fios ar sin tháinig seisean anuas go dtí Inbhir Náile agus thug sé leis ualach mór fraoigh agus rinne sé leabaidh do fhéin agus do Ghráinne leis thíos ar a' tráigh. An chéad uair eile a chognaigh Fionn a órdóg ba léir do go rabh Diarmuid agus Gráinne ina luighe ar an fhaoch agus cha dtearn stad nó mór chomhnuidhe é fhéin agus na Fiana go dtí go raibh na sléibhte uilig cuartuighthe(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Roes, Co. Donegal
- Informant
- Michéal Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Roes, Co. Donegal