School: Na Frasa (roll number 16375)
- Location:
- Frosses, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Robhartaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 202](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1036%2FCBES_1036_202.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 202
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Frasa
- XML Page 202
- XML “Seán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fágtha aige. Bhí droch dhóigh ar an fhear bhocht, nó bhí fhios aige go bhfuigheadh siad uilig bás leis an ocras. Bhí Sean amuigh lá amháin ag obair agus shuidh sé síos agus thóisigh sé ag caoineadh. Ní rabh sé i bhfad ag caoineadh gur labhair duine leis. Nuair d'amhar sé thart chonnaic sé fear beag ruadh nach bhfaca sé a leithéid roimhe sin. "caidé atá ort," arsan fear. "Ó tá" arsa Sean " gheobhaidh mo bhean agus mo chlann bás roimh i bhfad leis an ocras. Dhíol mé an t-aon bhó amháin a bhí agam. "Ná bí a leithéid de bhuaidhreadh ort," arsan fear beag. "gabh abhaile agus chífidh tú do bhó sa bhóitheach. Tabhair aire díthe agus ní bheidh ocras ar dhuine den teaghlach ariamh níos mó nuair atá an bhó sin agat." Chuaidh Sean abhaile agus iongantas air. Cinnte go leor bhí an bhó annsin. Chuaidh Sean isteach go dtí an teach d'iarr sé ar a mhnaoi a ghabhail amach leis an bhó a bhlighe. Chuaidj sí amach agus líon sí dhá bhuacáid leis an bhainne. Roimh i bhfad bhí(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Ballybrollaghan, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Ní Breisleáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- Ballybrollaghan, Co. Donegal