School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 336
- XML “An Pléiseam”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceist air caide bhí cearr leis anois . Och! arsa Ruaidhrí caithfidh mé muileann a dheanamh.
'Níl sin cruaidh arsa'n fear réidteochaidh mise do chas . Seo ceithre bloc adhmaid agus cuir iad ins na ceithre taobhanna dé'n áit ar mháith léis an rí an mhuileann a thogailt. Maith go leor arsa Ruaidhrí agus d'imthigh sé leis . Cuaidh sé fad leis an rí agus chuir sé ceist air cé'n áit ar mhaith leis an mhuileann a bheith déanta . Thaisbean an rí dó an áit ar mhaith leis an mhuileann a bheith déanta agus cuaidh Ruaidhrí i gcionn oibre. leag sé bloc ins an uile coirnéal agus nuair a bhí sin déanta aige bhí an muileann in a sheasamh.
Thug an ri buidheachas dó agus d'imtigh sé leis abhaile.
Cuaidh Síle fhad leis an rí lá ar na bharach agus arsa rí "Ta caislean deas agat ach tá rud eighinteacht a dhith air go fóill agus is e sin pléidséam agus thig le Ruaidhrí ceann a cur air 'Bal" arsa'n rí abair leis theacht annseo i mbarach .
Cuaidh Síle abaíle agus(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Giolla Easbuic
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Sallows, Co. Donegal