School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 337
- XML “An Pléiseam”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt sí le Ruaidhrí go rabh sé a dhíoghbháil ar an rí. Caide tá cearr anois arsa Ruaidhrí acht phachaidh me chuighe i mbarach go bhfeicidh mé.
Cuaidh sé fhadh leis an rí agus chuir sé ceist air caide bhí cearr. “Bhal" arsa’n rí caithfidh tú pléidhséam a chur ar an chaislean seo damh. Caide sin arsa Ruaidhrí, ní fhaca míse pléidhseam ariamh. Mur gcuiridh tú ceann ar an chaislean se cuirfidh mé ‘un bháis thú. “Bhal" arsa Ruaidhrí tabhair fáill damh agus d’imthigh sé leis agus a aghaidh ar an choill. Casadh an fear air arais agus é ag marcardheacht ar gabhair. Cuir sé céist air cáide bhí cearr leis anois. Tá arsa Ruaidhrí caithfidh mé pléidhséam a chur ar caisléan an righ. Níl sin doiligh a dheanamh arsa’n fhear agus thainig sé anuas dé’n gabhar. Dubhairt sé le Ruaidhrí dhul ináirdé ar an gabhar agus greim daingean a choinneilt ar a adharcaibh agus arsa seisean, an uile am a deireas an gabhar “meg meg” abair tusa “Suibhal leat”.
Rinne Ruaidhrí mar h-iarradh air agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí sé ar bhealach go caislean an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Giolla Easbuic
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Sallows, Co. Donegal