School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 358
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad na luighe agus ar maidin lá ar na bharach nuair a d’éirigh an fathach d’iarr sé ar Sean éirigh fosta. D’imthigh an fathach a seilg agus cuaidh Sean amach a cartughadh an bhoithigh. Nuair a cautheadh sé aon phreab amach tiocfadh dha preab isteach.
Nuair a cuaidh nighean an fhathaigh amach lé ná dhinnéar dubhairt sé leithe nach niosfadh sé biad na deoch no go gcaillfead sí an ceann. D’iarr sise air theacht chuig a dhinnear, agus thainig sí sa dheireadh.
Fhad ar bhí seisean ag ithe a dhinneara bhí nighean an fhathaigh ag cartughadh an bhóitigh. Nuair a bhí a dhinnear ithe aige bí an bhóitheach cartuighadh aici. Diarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a thiocfad an fathach mór ‘un na bhaile agus nuair a d’fiafrochadh sé de an dtearn sí an gnaithe sin, a rádh go dtearn.
Rinne seisean mar h-irradh air. Maiseir tú an buachall is fearr a casadh orm arias ars an fathach.
La ar na bharach nuair a deirigh an fathach diarr sé ar Sean éirghe fosta agus dubhairt sé léis go rabh sgiobal aige ná dteachaidh an tuighe air lí seacht mbliadhnaibh agus go gcaithfiadh sé tuige a bheith aige air theacht ‘un a bhaile do san, le cleiteachaibh ach an éin san air agus gan(continues on next page)- Collector
- Ríota Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Sallows, Co. Donegal
- Informant
- Seán 'Ach Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Sallows, Co. Donegal