School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meenacahan
- XML Page 282
- XML “An tIolar agus an Leanbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí meitheal ag abhailt féir aon lá amhain. Lá breagh gréine a bhí ann. Bhí bean pósta amuigh fosta agus thug sí an leanbh óg amach go dtí an phairc leithe. Bhí an leanbh sochruighthe go deas i ngranóg fhéir faoi sgath na gcrann. I geaiteamh an lá amach tháinig fiolar agus sgiob sé leis an leanbh. D’éirigh an fiolar in airde ins an spéir gur tuirling sé an carraig i mbarr na n-aille. Bhí sgannradh an domhain ar na daoine. Bhí na mná ag caoineadh agus bhí na fir ag iarraid do chur cun suaimhris. Connaic siad an fhiolar ar bharr na h-aille ac ní tiocfadh leo dul suas. Bhí an aille comh díreach deacrach sin. D’éirigh máthair an leinbh agus thoisigh sí ag scnapadaighe suas in eadán na h-aille. Gearradh a cosa agus a lamha ach níor mhothuigh sí aon phian lean leithe agus na daoine go dtuithfidh sí aon bomaite. Bhain sí barr na h-aille amach agus fuair an nead a bhí in fiolar ann. Fuair sí an leanbh go bréagh beo agus é ag gáire leis fhéin go sásta. Cheangal é an leanbh in a n-aprún agus níor stad sí gur fag sí in an talamh é.
- Collector
- Róise Ní Chíonaoith
- Gender
- Female
- Address
- Meenybraddan, Co. Donegal