School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 97

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 97

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 97
  3. XML “Scéal Fhionnbhráid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chun an domhan fhéin agus a bhainfeas luibh na draoidheachta atá ag fás i gcroidhe lár sealán do leachtar na ríog, agus a bhéas arais indiaidh an turas a chríochnú i gceithre h-uaire fichid agus a bhearfeas domh-sa in mo láimh í, agus is iomdha gaisgaidheach lúthgharach a shéol ar siubhal sa bháid sin shíos ag tarraingt ar an domhan thoir agus nuair a phill sé arais le na sgéala fhéin agus na sgéala fir eile, agus nach bhfuil fhios ag neach ‘a mhaireann caidé is íde d’aon fhear aca ó’n lá sin go dtí lá indiu, agus is leor a bhfuil caillte agus i bhfathach liom-sa agus nuair atá breith ar d’aireachas. Tabhair d’aghaidh ar do leas agus do chúl le d’aimhleas agus bain do shaoghal fhéin amach.
    Is Cuma cé chuaidh nó cé nach dteachaidh, rachaidh mise an iarraidh seo cé bith.
    Le bánadh an lae lá thar an bharach chuaidh sé go dtí an áit a rabh an bád feisthighthe.
    Sgaol sé an sreang a bí ag ceangmhail agus nuair a thóg sé a cheann tchí sé cailín beag na seasamh idir é fhéin agus an bád.
    Bhí sí amuigh is istigh ar sé h-órlaigh an uirde. Bhí culaith ghlás uirthí ó mhullach a cheann go barr a bróige, agus slat gheal leithe ‘na láimh. “Ca bhfuil do thriall a mhic a righe” ar sise. “Tá mé ag dul ‘un domhan thoir a bhaint luibh na draoidheachtha”, ar seisan.
    “Ní féidir leat buaidh a fhághail ar bean críonna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus Ó Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal