School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Rí i n-Éirinn fad ó shoin darbh ainm Luibhir Ó'Luirc, agus bhí dhá chluais chapaill air.
Níor mhaith leis duine ar bith seo a fhághail amach, nó dá bhfuigheadh chailleadh sé a chóróin. Achan duine a mbearrfadh é cuirfeadh sé 'un bhais é ar eagla go n-innseochadh sé do dhuine ar bith caidé'n cineál cluasa a bhí air.
Bhí fhios ag na daoine go gcuirfeadh sé iad seo 'un bháis ach ní rabh fhios aca ca tuige.
Aon lá amháin d'iarr sé ar mac baintreabhuighe a bhí san áit é a bhearradh.
Tháinig mac na baintreabhuighe agus ní fá dheifre.
Nuair a thóg sé an hata dó'n Rígh a brath é a bhearradh chonnaic sé cluasa an chapaill, agus ní rabh ann ach nar thuit sé i luige, agus dubhairt sé nach mbearradh sé é ar chor ar bith.
D'iarr seisean air é a bhearradh agus nach muirfeadh sé é dá gcéilfeadh sé a bhfaca é.
Thoisigh mac na baintreabhuighe agus bhearr se é, agus thug an baile amach slán sabhailte agus ní thiocadh ionghantas na gcomharsanach a innse.(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Aodh Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal