School: Dún Ceann Fhaolaidh (roll number 15499)
- Location:
- Dunkineely, Co. Donegal
- Teacher: Seaghan Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Ceann Fhaolaidh
- XML Page 334
- XML “Comharthaí Aimsire a mBíodh Iomrá orthu roimhe seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirfeadh na daoine roimh seo da mbeadh nodhlaig glás ann go mbeadh an railig lánn. An cíall a bhí le sin cinnte gur mhaith leo sneachta a fheiceal I dthalamh roimh nodhlaig. Deirfeadh siad da bhfagadh Samhain an gaoth o thuaith go mbeadh geimhreadh cruaidh ann le siocan agus sneachta.
Déirfheadh siad da mbeadh an gaoth o dheas ag Samhain go mbeadh geimhreadh bog ann. Sean lá Samhna a beirfeadh siad ar an [12adh]. Samhain agus sean la bealtaine a beirfeadh siad ar an [12adh] bealtaine.
Deirfeadh siad da mbeadh rabharta mór na feile Phádraig garbh go mbeadh gach uile rabharta ar fud an bliadhain garbh fosta. Da mbeadh sé chúin deirfeadh siad go mbeadh gach uile rabharta ar fud an bliadhain chúin nadúrdha. Rabharta mór na Feile Phádraig sin an tainm a bheirfeadh siad ar an chéad rabharta indiaid na feile Phádraig.
Deirfheadh siad I dtalamh da bhfeiceadh(continues on next page)