Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Fionn Mac Cumhail agus na Fianna ag cuir faobhtha i dTeamhair uair amhain. Cuaidh Fionn amach maidin amháin. Chuir sé a órdog in a bheal. Tháinig sé isteach arais. Dubhairt sé leis na Fianna go rabh triobloid mhóir riomhpa anois go cionn bliadhna. Chuaidh sé amach arais. Tháinig (sé isteach) bean mhór roimhe. Dubhairt an bhean leis go mairfeadh sí é mar bhfuighedh sé ceann Rí an Domhain Thoir dithe roimhe bliadhain ó. indiu. Tháinig sé isteach arais agus d’innis sé do na Fianna caidé mar bhí. Dubhairt na Fianna go gcaithfeadh Fionn a ghabhail ar shiubhal. Ní leigfeadh siad fear ar bith leis acht fear amháin. ‘Sé an tainm a bhí ar an fear sin. Tón Iariann gan Tapadh.
D’imthigh Fionn agus Tón Iarainn leobhtha. Ní raibh siad i bhfad ag siubhal go bhfaca siad marcach ag tarraingt ortha. Dubhairt Fionn go gcuirfeadh sé ceilbhear ar an mharcach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Charraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Gallachobhair
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Killybegs, Co. Donegal