School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 142
- XML “An Gasúr agus Rí Buí an Chnoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gasúr agus Rí buidhe an chnuic.
Bhí gasúr ann aon uair amháin agus ba mac baintreabhaighe a bhí ann. Bhí dúil mhór aige i n-imirt chárdaí. Ní dheanfadh sé cúis dó a bheith ag imirt le stócaí agus le fir an bhaile a rabh sé ann. Théigeadh sé trasna na cnuic go dtí baile eile a bhí giota ar shiubhal. Bhí sean bhealach mhór eadar an dá bhaile. Oidhche amháin agus é ag dul an t-sean bhealach mhór tháinig fear roimhe tharraing sé tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe, agus dubhairt sé. “A ghasúir an mbéidh cluithe agat”. “Is Cuma liom arsa an gasúr. D’imir siad an cluithe agus bhain an gasúr é. Féadann tú a bheith ag dul a bhaile anois ars an fear leis agus bhéidh caislean deánta fá do choinne féin agus do mhathair le comhnuidhe ann, agus ní fhacaidh tú a leithid ariamh béidh sé comh deas sin.
Bfíor dó, Nuair a chuaidh an gasúr a bhaile bhí an caislean deánta fá na choinne. Tráthnóna lá-thar-na-bharach dubhairt sé le na mháthair, “rachaidh mé ‘na chnuic anocht arais”. “O! Na gabh”, arsa a mháthair leis, ná má théigheann cuirfidh an fear atá san chnoc críoch leat”. Ní rabh gar a chrosadh air.(continues on next page)- Collector
- Tomas Ua Duibhidhir
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ua Lamhna
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal