School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 371
- XML “Seanamhrán Gaeilge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán Gaeilge
“Bhí mé lá bréagh samhraidh”
Sean amhran Gaedhilge.
Bhí mé lá bréagh samhraidh
Le cois na bóinne shiar
Cé tharlaigh orm ach mo stóirín
‘S í baint na sméar ón chraobh,
Ba ghile a bráid na an eala,
‘S ba deirge a gruaidh na an rós,
‘S ba chostasach an cóiruí
A bhí ar mo chailín barrail bán.
II
Luigh mé féin taobh thall dithe
Mar bhí mé breóidte tinn,
Agus d’fhiafruigh mé ós íseal dí,
An dtoiseadh sí mo cheann.
Tá na céadtaí fear i ngradh léithe,
Go brathach nach dtig ‘un cinn,
Agus ma thug mé gradh do Mháire Bhán,
Níl náire ar bith liom ann.
III
A Mháire shiúbhailfinn Éire leat,
Agus talamh na gréige thall,
Agus rachainn go bárr a’ t-sléibhe leat,
Da mb’fhéidirm dúinn fághail ann.
Bheirfhinn-sé glór ó bhéal dithe,
Ach mo lámh fhághail faoi na cionn,
Phósfainn gan bhó gan spré í.
Ach cead síneadh le na coim.(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal